Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Béilí an lá a bhíodh acu, bhíodh siad ina suí luath ar maidin. Bhí cuid mhór oibre le déanamh. Bhíodh siad amuigh ó dhubh go dubh san Earrach. An cineál bí / bia a bhíodh acu. Ag rósadh préataí ar an tine agus a n-ithe le cois bainne na bláithe agus scadáin úra. | 00:03:08 | |
Bhí scadáin úra acu i ndiaidh na Samhna. Cur síos ar an phróiseas nuair a bhíodh siad ag sailleadh scadáin sa pheicilt (sú scadáin). Scadáin goirt. Bhí léir éisc acu agus bhí siad ag bráth ar an iasc. Bhí fear ar an bhaile a dhíol iad. | 00:02:49 | |
Bhí siad deas den chósta agus bhain siad slabhac, creathnach agus bia eile na farraige. Bia iontach folláin a bhí acu agus arán na mine buí, bhí an plúr daor agus d’úsáid siad an mhin bhuí. Bhí bainne acu féin, ní raibh ocras ariamh orthu. Bhí an saol simplí acu, ní hé mar atá anois. | 00:02:41 | |